Cabhair

Paróiste a aimsiú

Caith súil ar an bhfíseán agus ar na ceisteanna thíos chun cabhrú leat an paróiste is díol spéise duit a aimsiú.

Conas is féidir liom cuardach a dhéanamh ar pharóiste?

Tá dhá bhealach ann chun cuardach a dhéanamh ar pharóiste? Is féidir leat ainm an pharóiste a iontráil sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile nó sa cheanntásc ar cheann ar bith de na leathanaigh ar an suíomh. Nó, mar mhalairt air sin, cliceáil ar an léarscáil chun an paróiste ceart a aimsiú.

An féidir liom cuardach de réir ainm an duine?

Ní féidir, ní dhearnadh na híomhánna a innéacsú ná a thras-scríobh agus, mar sin de, ní féidir cuardach de réir ainm. Tá fáil réidh ar innéacs do chláir i gCiarraí, i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i roinnt áiteanna i gCorcaigh ar fáil ag Irish Genealogy. Tá innéacsanna do chláir i bhformhór na bparóistí in Éirinn ar fáil ar shuíomh Gréasáin síntiúis Roots Ireland.

Conas is féidir liom an léarscáil a úsáid?

Cliceáil áit ar bith ar an léarscáil chun na paróistí Caitliceacha i gceantar ar leith a thaispeáint. Nó, mar mhalairt air sin, úsáid an cnaipe súmála os cionn na léarscáile. Má chliceálann tú ar ainm aon pharóiste, gheobhaidh tú leathanach faisnéise don pharóiste sin. Chomh maith leis sin, is féidir leat scoránú idir ainmneacha contaetha agus deoisí agus an léarscáil á húsáid agat.

Cad é an difear idir paróiste sibhialta nó baile fearainn agus paróiste Caitliceach?

Is féidir go dtagraíonn logainmneacha áirithe do pharóistí sibhialta nó do bhailte fearainn. Aonaid chríochacha a tháinig ar dtús ó sheanroinnteáin talún Ghaelacha is ea paróistí sibhialta. Rinneadh aonaid riaracháin díobh ina dhiaidh sin chun críocha daonáirimh agus cánachais. Tá bailte fearainn ar na haonaid talún is lú, agus gan ach cúpla acra iontu i gcásanna áirithe. I bhformhór na gcásanna, tá idir 25 baile fearainn agus 30 baile fearainn ann i bparóiste sibhialta. Aonaid chríochacha de chuid na hEaglaise Caitlicí is ea paróistí Caitliceacha. Tá deoise comhdhéanta de roinnt paróistí Caitliceacha. Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoi logainmneacha Gaelacha agus chun idirdhealú a dhéanamh idir paróiste sibhialta agus baile fearainn, féach Logainm.

Cén fáth nach bhfuil paróistí áirithe le fáil ar an léarscáil?

Tá an léarscáil tógtha ó na léarscáileanna de pharóistí Caitliceacha atá ar an suíomh Irish Ancestors atá á reáchtáil ag John Grenham, rud atá bunaithe ar an Topographical Dictionary of Ireland (1837) le Samuel Lewis. Ní hé is aidhm don léarscáil bheith cruinn ó thaobh cúrsaí geografacha de, ach tá sé mar aidhm léi láthair na bparóistí Caitliceacha i lár an 19ú haois a léiriú ar bhealach ginearálta agus cur ar chumas taighdeoirí paróistí tadhlacha a aimsiú. Níl roinnt bheag paróistí nár tháinig i bhfeidhm ach amháin tar éis na bliana 1880 le fáil ar an léarscáil.

Amharc ar chlár

Caith súil ar an bhfíseán agus ar na ceisteanna thíos chun cabhrú leat amharcóir an chláir a úsáid.

Conas is féidir liom amharc ar chlár?

Cliceáil ar íomhá chláir ar leathanach paróiste chun an t-amharcóir ina bhfuil íomhánna an chláir a oscailt. Is féidir leat cliceáil ar uimhir an mhicreascannáin agus ar fhaisnéis an chláir chun an t-amharcóir a oscailt freisin.

An féidir liom cuardach a dhéanamh laistigh de chlár?

Is féidir. Cliceáil an cnaipe Scag Imeachtaí/Dátaí chun an barra uirlisí a oscailt. Is féidir leat scagadh de réir imeachta, bliana agus míosa. Is aibhsithe a bheidh na leathanaigh a chomhfhreagraíonn do na himeachtaí agus do na dátaí atá roghnaithe agat.

Cén fáth a mbíonn na hImeachtaí/Dáta Scagtha éagsúil go minic le himeachtaí agus le dátaí an chláir?

Chun a chinntiú gur cruinn atá na dátaí tosaigh agus deiridh do gach paróiste, seiceáladh an chéad leathanach agus an leathanach deiridh de gach clár. Tugadh na príomhimeachtaí atá cumhdaithe laistigh den chlár faoi deara freisin. Ba ar leibhéal leathanaigh a gabhadh an fhaisnéis lena gcumasaítear imeachtaí agus dátaí a scagadh laistigh de chlár. Mar sin, d’fhéadfadh go n-áireofaí léi imeachtaí agus dátaí lasmuigh díobh sin a léirítear i bpríomhfhaisnéis an chláir i gcásanna ina ndearna sagart anótáil ar thaifead ar leathanach aonair.

Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin roinnt de na híomhánna a léamh?

Digitíodh na híomhánna ó mhicreascannán a rinneadh le linn na 1950í agus na 1960í. Ina theannta sin, bhí cuid mhór de na cláir bhunaidh i ndrochriocht.

Tá an téacs an-doiléir. An féidir liom é a dhéanamh níos gile nó níos dorcha?

Úsáid na cnaipí gile agus codarsnacht ar an mbarra uirlisí chun an íomhá a chur in oiriúint duit. Is féidir leat na dathanna a inbhéartú freisin ach an cnaipe inbhéartaigh íomhá a úsáid.

Tá na hainmneacha scríofa sa Laidin. An féidir liom cabhair a fháil?

Is féidir liosta d’ainmneacha coitianta sa Laidin a fháil in A rose by any other name: a guide to Irish christian names le Judith Eccles Wight. Níor aistríodh sloinnte riamh.

An bhfuil innéacs ann is féidir liom a úsáid?

Tá innéacsanna le fáil i gcláir áirithe féin, mar shampla, na cláir do pharóiste Naomh Pól, Cathair Bhaile Átha Cliath. Tríd is tríd, cuirfear é sin in iúl i bhfaisnéis an chláir ar leathanach an pharóiste. Rinneadh innéacsú ar chláir i gContae Chiarraí, i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gcodanna de Chontae Chorcaí agus tá siad sin ar fáil saor in aisce ar Irish Genealogy. Tá innéacs le cláir i bhformhór na bparóistí ar fáil ar shuíomh síntiúis Roots Ireland. Ar shuíomh Gréasáin John Grenham, soláthraítear faisnéis faoi na hinnéacsanna agus faoi na tras-scríbhinní atá ar fáil do gach paróiste. Tá siad ar fáil saor in aisce agus ar bhonn síntiúis araon.

Conas is féidir liom íomhá a phriontáil?

Cliceáil ar an deilbhín Priontáil i mbarra uirlisí an amharcóra.

Ceisteanna eile

Ba mhaith liom íomhá ón suíomh a fhoilsiú. An féidir liom é sin a dhéanamh?

Is féidir gach íomhá ar an suíomh a roinnt agus a atáirgeadh chun críocha neamhthráchtála. Más mian leat íomhá a atáirgeadh chun críocha tráchtála, déan teagmháil le permission@nli.ie.

Tá tuilleadh cabhrach ag teastáil uaim. Cé ar féidir liom teagmháil a dhéanamh leis?

Is féidir ceist a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig genealogy@nli.ie .

Cad iad na foinsí eile do stair teaghlaigh atá ar fáil i NLI?

Tá eolas faoi fhoinsí do stair teaghlaigh le fáil ar an leathanach taighde breise. Soláthraíonn an Leabharlann bileoga oibre teimpléid freisin chun tús a chur le do chrann teaghlaigh.