Eolas

Is é atá ar an suíomh Gréasáin seo íomhánna ó bhailiúchán an NLI de mhicreascannáin chláir pharóiste na hEaglaise Caitlicí. Is é atá sna cláir taifid ar bháistí agus ar phóstaí ó fhormhór na bparóistí Caitliceacha in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann suas go dtí an bhliain 1880.

Cúlra

Sa bhliain 1949, labhair an Dr Edward MacLysaght, Príomh-Aralt na hÉireann agus Coimeádaí Lámhscríbhinní ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), le hEaspag Luimnigh chun seirbhísí an NLI a thairiscint chun cabhrú leis an bhfaisnéis ginealais a bhí i mbailiúchán clár paróiste na hEaglaise Caitlicí a chaomhnú go buan. Ghlac gach ball den Ordlathas leis an tairiscint ón NLI cláir pharóiste a mhicreascannánú. Cé gur cuireadh tús le breitheanna, le póstaí agus le básanna a chlárú go sibhialta sa bhliain 1864, níor coinníodh taifid chruinne ar feadh roinnt blianta. Mar sin, cuireadh an bhliain 1880 i bhfeidhm mar scoithdháta i leith na cláir a mhicreascannánú.

Ba é an gnáthnós imeachta a leantaí i ndáil leis an micreascannánú a dhéanamh ná ball sinsearach d’fhoireann an NLI a shannadh chuig an deoise chun na cláir a bhailiú, iad a thabhairt go dtí an NLI ar Shráid Chill Dara le haghaidh scannánú, agus na cláir a thabhairt ar ais don deoise ina dhiaidh sin. Tosaíodh ag scannánú na gclár de réir deoise sna 1950idí agus ba thar thréimhse 20 bliain a cuireadh an obair i gcrích. Rinneadh scannánú breise ar chláir de chuid roinnt bheag paróistí i mBaile Átha Cliath ag deireadh na 1990idí freisin. Mar thoradh ar an obair sin, tá cóipeanna micreascannáin ag an NLI de bhreis agus 3500 clár ó 1086 paróiste in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Tá éagsúlacht ann maidir le dátaí tosaithe na gclár, idir na 1740/50idí i roinnt paróistí cathrach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, i bPort Láirge agus i Luimneach, agus na 1780/90idí i gcontaetha amhail Cill Dara, Loch Garman, Port Láirge agus Cill Chainnigh. Den chuid is mó, níor cuireadh tús le cláir a bhailiú do pharóistí feadh bhord farraige an iarthair ach amháin sna 1850/60idí.

An Tionscadal

Meastar go bhfuil cláir eaglaise a bhaineann le pósadh agus le baisteadh ar an bhfoinse aonair is tábhachtaí do thaighdeoirí stair theaghlaigh roimh dhaonáireamh na bliana 1901. Ina lán cásanna, cuimsíonn na cláir an t-aon taifead amháin atá fágtha ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh ar leith. Dea-léiriú ar ról agus ar obair na hEaglaise Caitlicí in Éirinn is ea gur cruthaíodh agus gur coinníodh an oiread sin clár le linn ceann de na tréimhsí ba chlampraí i stair na hÉireann.

Mar thoradh ar an méadú ar líon na ndaoine a théann i mbun taighde stair theaghlaigh, agus de bharr na heaspa saoráidí ar an láthair atá ar fáil san NLI i mBaile Átha Cliath, rinneadh cinneadh sa bhliain 2010 micreascannáin na gclár paróiste a dhigitiú. Tar éis próiseas tairisceana, ba ar AEL Data a bronnadh an conradh digitithe. Thiontaigh siad 550 spól micreascannáin, ina raibh breis agus 3500 clár, i thart ar 373,000 íomhá dhigiteach. Comhfhreagraíonn na híomhánna sin d’oscailt leathanaigh amháin nó dhá leathanach laistigh d’imleabhar cláir.

I mí Dheireadh Fómhair 2014, thug Bord an NLI cead foirmiúil do na híomhánna micreascannáin a chur ar fáil ar líne ar shuíomh Gréasáin tiomnaithe saor in aisce. Rinneadh na cláir aonair a athchóimeáil go fíorúil agus a chur ar fáil d’úsáideoirí trí bhunachar sonraí topagrafach. Ba í foireann bheag i rannóg Leabharlann Dhigiteach an NLI a rinne suíomh Gréasáin na gclár paróiste a fhorbairt. Ba é New Graphic a chruthaigh an t-aitheantas fíorúil don suíomh. Gabhtar buíochas ar leith le John Grenham, duine a thug cúnamh an-tábhachtach le linn an tionscadail.

Is é digitiú mhicreascannáin chlár na bparóistí Caitliceacha an tionscadal digitithe is uaillmhianaí ar thug an NLI faoi go dtí seo. Léiríonn sé tiomantas an NLI d’inrochtaineacht a fheabhsú trínár gcuid bailiúchán a chur ar fáil ar líne.

Téarmaí Úsáide