Cabhair

Cabhair

Paróiste a aimsiú

Caith súil ar an bhfíseán agus ar na ceisteanna thíos chun cabhrú leat an paróiste is díol spéise duit a aimsiú.

Conas is féidir liom cuardach a dhéanamh ar pharóiste?

Tá dhá bhealach ann chun cuardach a dhéanamh ar pharóiste? Is féidir leat ainm an pharóiste a iontráil sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile nó sa cheanntásc ar cheann ar bith de na leathanaigh ar an suíomh. Nó, mar mhalairt air sin, cliceáil ar an léarscáil chun an paróiste ceart a aimsiú.

An féidir liom cuardach de réir ainm an duine?

Ní féidir, ní dhearnadh na híomhánna a innéacsú ná a thras-scríobh agus, mar sin de, ní féidir cuardach de réir ainm. Tá fáil réidh ar innéacs do chláir i gCiarraí, i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i roinnt áiteanna i gCorcaigh ar fáil ag Irish Genealogy. Tá innéacsanna do chláir i bhformhór na bparóistí in Éirinn ar fáil ar shuíomh Gréasáin síntiúis Roots Ireland.

Conas is féidir liom an léarscáil a úsáid?

Cliceáil áit ar bith ar an léarscáil chun na paróistí Caitliceacha i gceantar ar leith a thaispeáint. Nó, mar mhalairt air sin, úsáid an cnaipe súmála os cionn na léarscáile. Má chliceálann tú ar ainm aon pharóiste, gheobhaidh tú leathanach faisnéise don pharóiste sin. Chomh maith leis sin, is féidir leat scoránú idir ainmneacha contaetha agus deoisí agus an léarscáil á húsáid agat.

Tá ainm an bhaile nó an tsráidbhaile as ar tháinig mo shinsear ar eolas agam, ach níl ainm an pharóiste Chaitlicigh ar eolas agam. Conas is féidir liom an paróiste ceart a aimsiú?

Úsáid an suíomh Gréasáin saor in aisce SWilson.Info chun an paróiste Caitliceach ceart a aimsiú.

Cad é an difear idir paróiste sibhialta nó baile fearainn agus paróiste Caitliceach?

Is féidir go dtagraíonn logainmneacha áirithe do pharóistí sibhialta nó do bhailte fearainn. Aonaid chríochacha a tháinig ar dtús ó sheanroinnteáin talún Ghaelacha is ea paróistí sibhialta. Rinneadh aonaid riaracháin díobh ina dhiaidh sin chun críocha daonáirimh agus cánachais. Tá bailte fearainn ar na haonaid talún is lú, agus gan ach cúpla acra iontu i gcásanna áirithe. I bhformhór na gcásanna, tá idir 25 baile fearainn agus 30 baile fearainn ann i bparóiste sibhialta. Aonaid chríochacha de chuid na hEaglaise Caitlicí is ea paróistí Caitliceacha. Tá deoise comhdhéanta de roinnt paróistí Caitliceacha. Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoi logainmneacha Gaelacha agus chun idirdhealú a dhéanamh idir paróiste sibhialta agus baile fearainn, féach Logainm.

De réir leathanach an pharóiste, níl aon chláir ag an NLI don pharóiste seo. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Tá 56 paróiste ann nach bhfuil aon chláir ag an NLI dóibh. D’fhéadfadh gur tháinig an paróiste i bhfeidhm tar éis na bliana 1880, arbh í an scoithdháta do mhicreascannánú, nó d’fhéadfadh nach ndearna an NLI micreascannánú ar an gclár. Ar leathanach gach paróiste, taispeántar naisc chuig suíomhanna Gréasáin eile ar a bhféadfadh go mbeadh innéacsanna ann do chláir nach ndearnadh micreascannánú orthu. Tá formhór mór na gclár bunaidh fós i seilbh paróistí aonair. Mar sin, d’fhéadfadh gurbh fhiú teagmháil a dhéanamh leis an bparóiste lena mbaineann.

Cén fáth nach bhfuil paróistí áirithe le fáil ar an léarscáil?

Tá an léarscáil tógtha ó na léarscáileanna de pharóistí Caitliceacha atá ar an suíomh Irish Ancestors atá á reáchtáil ag John Grenham, rud atá bunaithe ar an Topographical Dictionary of Ireland (1837) le Samuel Lewis. Ní hé is aidhm don léarscáil bheith cruinn ó thaobh cúrsaí geografacha de, ach tá sé mar aidhm léi láthair na bparóistí Caitliceacha i lár an 19ú haois a léiriú ar bhealach ginearálta agus cur ar chumas taighdeoirí paróistí tadhlacha a aimsiú. Níl roinnt bheag paróistí nár tháinig i bhfeidhm ach amháin tar éis na bliana 1880 le fáil ar an léarscáil.

Tá ainm an chontae as ar tháinig mo shinsear ar eolas agam, ach níl ainm an pharóiste Chaitlicigh ar eolas agam. An gá dom cuardach a dhéanamh ar gach paróiste sa chontae?

Ní gá. Úsáid Luacháil Uí Ghríofa chun líon na samplaí den sloinne a chúngú de réir paróistí áirithe. Déan cuardach ar na paróistí sin ansin. Tá Luacháil Uí Ghríofa ar fáil ar líne ag Ask About Ireland.

An féidir liom cabhair a fháil leis na cláir a léamh?

Is féidir faisnéis faoi ainmneacha sa Laidin, faoi ainmneacha malartacha agus faoi leasainmneacha a fháil in A rose by any other name: a guide to Irish christian names, leabhar le Judith Eccles Wight. Is féidir liosta d’fhocail choitianta sa Laidin a fháil ar FamilySearch. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad stair theaghlaigh áitiúil ábhartha ag Roots Ireland. Mar aon le hinnéacsanna leis na cláir a choinneáil, is féidir le ginealaigh sna hionaid sin an-chuimse faisnéise eile a chur ar fáil faoi fhoinsí áitiúla gaolmhara ar ábhair spéise iad do thaighdeoirí stair theaghlaigh.

Conas is féidir liom a fháil amach an bhfuil liosta de thaifid reilige ann i bparóiste mo shinsir?

Ní thaifeadtaí adhlacthaí chomh comhsheasmhach le taifeadadh baistí ná le taifeadadh póstaí. Mar sin, is minic a bhíonn reiligí ina n-acmhainn úsáideach do thaighdeoirí stair theaghlaigh. Cuimsíonn Acmhainní Eile naisc chuig roinnt suíomhanna Gréasáin úsáideacha ar a dtaifeadtar faisnéis ó leaca uaighe agus taifid chuimhneacháin ghaolmhara. Uaireanta, chuirtí Caitlicigh i reiligí de chuid Eaglais na hÉireann. Mar sin, is fiú na taifid sin a sheiceáil freisin.

Conas is féidir liom sonraí teagmhála reatha a aimsiú do pharóiste mo shinsir?

Is ionann Eolaire na bParóistí Caitliceacha in Éirinn agus foilseachán bliantúil ina liostaítear sonraí teagmhála do gach paróiste ar oileán na hÉireann. Tá a suíomh Gréasáin féin ag a lán paróistí, ach is féidir leat suíomh Gréasáin na nEaspag CaitliceachEolaire na hEaglaise Caitlicí ar líne a chuardach.

Conas is féidir liom a fháil amach an bhfuil cónaí ar ghaolta de mo chuid i bparóiste go fóill?

Tá roinnt foinsí ann ar féidir leo cabhrú leat gaolta beo a aimsiú freisin. D’fhéadfadh go mbainfeá tairbhe as eolairí teileafóin áitiúla, as cláir thoghcháin agus as leabhair athbhreithnithe Luacháil Uí Ghríofa a sheiceáil. I measc roghanna eile, tá litir a chur i nuachtán áitiúil, dul isteach i gcumann stair theaghlaigh áitiúil nó i ngrúpa Idirlín stair theaghlaigh nó postáil ar Siar go dtí an mbarr

Amharc ar chlár

Caith súil ar an bhfíseán agus ar na ceisteanna thíos chun cabhrú leat amharcóir an chláir a úsáid.

Conas is féidir liom amharc ar chlár?

Cliceáil ar íomhá chláir ar leathanach paróiste chun an t-amharcóir ina bhfuil íomhánna an chláir a oscailt. Is féidir leat cliceáil ar uimhir an mhicreascannáin agus ar fhaisnéis an chláir chun an t-amharcóir a oscailt freisin.

An féidir liom cuardach a dhéanamh laistigh de chlár?

Is féidir. Cliceáil an cnaipe Scag Imeachtaí/Dátaí chun an barra uirlisí a oscailt. Is féidir leat scagadh de réir imeachta, bliana agus míosa. Is aibhsithe a bheidh na leathanaigh a chomhfhreagraíonn do na himeachtaí agus do na dátaí atá roghnaithe agat.

Cén fáth a mbíonn na hImeachtaí/Dáta Scagtha éagsúil go minic le himeachtaí agus le dátaí an chláir?

Chun a chinntiú gur cruinn atá na dátaí tosaigh agus deiridh do gach paróiste, seiceáladh an chéad leathanach agus an leathanach deiridh de gach clár. Tugadh na príomhimeachtaí atá cumhdaithe laistigh den chlár faoi deara freisin. Ba ar leibhéal leathanaigh a gabhadh an fhaisnéis lena gcumasaítear imeachtaí agus dátaí a scagadh laistigh de chlár. Mar sin, d’fhéadfadh go n-áireofaí léi imeachtaí agus dátaí lasmuigh díobh sin a léirítear i bpríomhfhaisnéis an chláir i gcásanna ina ndearna sagart anótáil ar thaifead ar leathanach aonair.

Cén fáth a bhfuil roinnt íomhánna srianta?

Tá taifid ar imeachtaí a tharla tar éis na 1910í i líon beag clár. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh siad bheith bainteach le daoine beo. Rinneadh cinneadh chun rochtain ar na taifid sin a shrianadh ar bhonn tréimhse dúnta 100 bliain. Fágann sé sin nach gcuirfear íomhánna de thaifid a bhaineann le himeachtaí i 1916 ar fáil go dtí an bhliain 2016, go gcuirfear íomhánna de thaifid don bhliain 1917 ar fáil in 2017 agus mar sin de.

Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin roinnt de na híomhánna a léamh?

Digitíodh na híomhánna ó mhicreascannán a rinneadh le linn na 1950í agus na 1960í. Ina theannta sin, bhí cuid mhór de na cláir bhunaidh i ndrochriocht.

Tá an téacs an-doiléir. An féidir liom é a dhéanamh níos gile nó níos dorcha?

Úsáid na cnaipí gile agus codarsnacht ar an mbarra uirlisí chun an íomhá a chur in oiriúint duit. Is féidir leat na dathanna a inbhéartú freisin ach an cnaipe inbhéartaigh íomhá a úsáid.

Tá na hainmneacha scríofa sa Laidin. An féidir liom cabhair a fháil?

Is féidir liosta d’ainmneacha coitianta sa Laidin a fháil in A rose by any other name: a guide to Irish christian names le Judith Eccles Wight. Níor aistríodh sloinnte riamh.

An bhfuil innéacs ann is féidir liom a úsáid?

Tá innéacsanna le fáil i gcláir áirithe féin, mar shampla, na cláir do pharóiste Naomh Pól, Cathair Bhaile Átha Cliath. Tríd is tríd, cuirfear é sin in iúl i bhfaisnéis an chláir ar leathanach an pharóiste. Rinneadh innéacsú ar chláir i gContae Chiarraí, i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gcodanna de Chontae Chorcaí agus tá siad sin ar fáil saor in aisce ar Irish Genealogy. Tá innéacs le cláir i bhformhór na bparóistí ar fáil ar shuíomh síntiúis Roots Ireland. Ar shuíomh Gréasáin John Grenham, soláthraítear faisnéis faoi na hinnéacsanna agus faoi na tras-scríbhinní atá ar fáil do gach paróiste. Tá siad ar fáil saor in aisce agus ar bhonn síntiúis araon.

Conas is féidir liom íomhá a phriontáil?

Cliceáil ar an deilbhín Priontáil i mbarra uirlisí an amharcóra.

Ba mhaith liom an íomhá seo a roinnt ar Facebook. An féidir liom é sin a dhéanamh?

Is féidir, ní gá duit ach cliceáil ar dheilbhín Facebook chun an íomhá a roinnt.

Cad is ciall leis na himeachtaí difriúla seo?

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi imeachtaí atá liostaithe sna cláir.

Ceisteanna eile

Tá earráid aimsithe agam. An féidir liom teagmháil a dhéanamh libh?

Cuir scéala chugainn ach an Fhoirm theagmhála a chomhlánú.

Ba mhaith liom íomhá ón suíomh a fhoilsiú. An féidir liom é sin a dhéanamh?

Is féidir gach íomhá ar an suíomh a roinnt agus a atáirgeadh chun críocha neamhthráchtála. Más mian leat íomhá a atáirgeadh chun críocha tráchtála, déan teagmháil le permission@nli.ie.

Tá tuilleadh cabhrach ag teastáil uaim. Cé ar féidir liom teagmháil a dhéanamh leis?

Is féidir leat ceist a chur isteach ach an Fhoirm theagmhála ar an suíomh a úsáid, ríomhphost a sheoladh chuig registers@nli.ie nó glao a chur ar 01 6030260.

Cad iad na foinsí eile stair theaghlaigh atá ar fáil san NLI?

Cliceáil anseo chun faisnéis a fháil faoi bhailiúcháin eile atá i seilbh an NLI.

Cad iad na foinsí eile stair theaghlaigh atá ar fáil in áiteanna eile?

Cliceáil anseo le haghaidh liosta de stórtha agus de shuíomhanna Gréasáin úsáideacha eile.

Cé na brabhsálaithe a dtacaítear leo?

Tacaítear le gach brabhsálaí nua-aimseartha i gcás feistí deisce, soghluaiste agus táibléid. Ní thacaítear le seanbhrabhsálaithe neamhshlána (e.g. IE8). Má bhíonn deacracht agat le hamharc ar an ábhar, nuashonraigh do bhrabhsálaí reatha nó bain úsáid as brabhsálaí níos nua-aimseartha (e.g. Chrome, Firefox, IE.11, Safari).